Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.
Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge.
Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Croí na Teanga, It’s You!